Baile Dátheangach / Bilingual Town

Baile dátheangach á dhéanamh de Chluainín

Manorhamilton becoming bilingual


Dé Chéadaoin, 11ú Iúil, 2012

Tugann Antón Mac Cába ó Ghaelscéal cuairt ar Chluainín, baile beag i Liatroim atá ar a bhealach chuig an dátheangachas

Tá an Ghaeilge feiceálach i gCluainín, Co Liatroma. Tá crosbhóthar ar an bpríomhshráid, mar a dtagann Bóthar na Carraige agus Lána na hEaglaise lena gcéile agus tá Gaeilge díreach romhat ansin.

Tá ‘Fáilte’ ar choirnéal siopa ar thaobh amháin, tá ‘Siopa Uí Fhearghail’ ar an gcoirnéal os a chomhair agus tá ‘Leabharlann Chluainín’ ar an gcoirnéal eile, ar an taobh eile den phríomhshráid.

Gabh rud beag síos an phríomhshráid agus tiocfaidh tú go hIonad Dealbhóireachta Liatroma.

Lean ort tamall eile, gabh trasna an bhóthair idir Sligeach agus Inis Ceithleann agus tiocfaidh tú ar Ghaelscoil Chluainín ansin, i Sráid an Chaisleáin.

Siúil ar ais suas an tsráid, agus gabh thar an crosbhóthar, agus tiocfaidh tú chuig an gCaifé Bia agus Sláinte.

Ar an gcuntar ansin tá an comhartha: ‘Tá cúpla focal againn’.

Déanann an caifé beart de réir a bhriathar. B’as Gaeilge a d’ordaigh mé anraith breá blasta, cappucino, agus scóna. Fuair mé cúpla focal ar ais, in éineacht le mo chuid bia.

Ar ndóigh, tá daoine ag siúil sráideanna Chluainín gur Gaeilge a bhí ag a seantuismitheoirí, nó a sin seantuismitheoirí.

Bhí an Ghaeilge láidir go maith i dtuaisceart Liatroma ag tús an 20ú Céid. Ar shuíomh Thionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, tá ceithre amhrán a cheol Anna Feely as Gleann Éada, thart ar ocht míle ó thuaidh ón mbaile ar an bhóthar go Bun Dobhráin.

ÉIST LE GAEILGE LIATROMA / LISTEN TO LEITRIM IRISH

Rinne an saineolaí Gearmánach, Karl Tempel, í a thaifeadadh in 1930.

Faraor, rinne an imirce scrios ar an gceantar. Níl daonra Chluainín ach ag pilleadh ar ais ar an áit ina raibh sé i lár an 19ú Céad.

Go fiú nuair a fuair an Ghaeilge bás mar theanga pobal, mhair traidisiún sa cheantar. Bhíodh stair agus tíreolaíocht á dteagasc trí Gaeilge sa mheánscoil ar an mbaile le blianta.

Bhíodh an scoil riamh láidir ó thaobh na Gaeilge de, a bhuíochas ach go háirithe do na múinteoirí. 

Níl na figiúirí áitiúla do dhaonáireamh 2011 ar fáil go fóill ach bhí figiúirí 2006 go maith. Tríd an gcontae i gcoitinne, dúirt 43% go raibh Gaeilge acu, malairt 41% sa tír ar fad. Dúirt 8% gur labhair siad í ar a laghad uair sa tseachtain taobh amuigh den scoil.

B’shin sular tháinig an borradh mór faoin nGaeilge sa chontae. Tá dhá Ghaelscoil anois ann, ceann i gCluainín, agus ceann eile i gCora Droma Rúisc, i ndeisceart an chontae.

Tá naíonra i mBéal an Átha Mhóir agus tagann ciorcail chomhrá le chéile go rialta i gCora Droma Rúisc, i mBéal an Átha Mhóir agus i nDroim Dá Thiar.

I gCluainín is láidre atá an Ghaeilge faoi láthair agus níos mó ná 25% de dhaltaí an bhaile ag freastal ar Ghaelscoil Chluainín.

Sa scoilbhliain dheireanach, bhí 85 ag freastal uirthi, i gcomparáid le 220 ar an Scoil Náisiúnta Chaitliceach agus thart ar 20 ar Scoil Náisiúnta Eaglais na hÉireann.

Dar le Rossa Ó Snodaigh, is Meánscoil an chéad chéim eile don cheantar agus seans gur i gcomhar le Cathair Shligigh a tharlóidh sé sin.

Tá cuma iontach traidisiúnta ar an gCluainín mar baile. Bunaíodh an baile ag tús an 17ú Céad, in aimsir na plandála. Tá fothracha an tseanchaisleáin a thóg Sir Frederick Hamilton ar Shráid an Chaisleáin agus is as sin a fuair an baile a ainm Béarla, Manorhamilton.

Bhí cuid mhór a thugadh ‘Baile Hamiltúin’ air nuair ab ann do chanúint Gaeilge Liatroma. Den chuid is mó, tá lár an bhaile seanaimseartha go maith.

Tá dornán de shiopaí agus de thithe tábhairne ar an sean-déanamh ar fad. Lúbann an phríomhshráid cúng ón mbealach mór idir Sligeach agus Inis Ceithleann suas le fána, go barr cnoic. Is é Sráid an Chaisleáin an taon tsráid mhór eile atá ann, é ina shaghas síneadh ag an bpríomhshráid.

Tá sléibhte ar achan taobh den bhaile. Ar thaobh amháin, mar sin, tá seo cosúil le baile Éireannach, mar a bhí sular bhéic an Tíogar Ceilteach. Tá eastáit nua ar imeall an bhaile, cuma ar chuid acu nár críochnaíodh iad, agus tithe folamha i roinnt eile. gur baile beag go maith ea bhí ann. 

Cinnte, tá sé mar bhua ag Cluainín gur baile beag go maith ea bhí ann ina raibh thart ar 1,500 duine ina gcónaí ann. Fágann sin go bhfuil sé éasca ag an nGaeilge dul i bhfeidhm air.

Más cuma baile traidisiúnta tuaithe atá ar Chluainín, tá taobh eile leis freisin. Le roinnt mhaith blianta anuas, bhí go leoir daoine atá bainteach leis na healaíona ag aistriú isteach sa cheantar.

Tháinig níos mó, d’achan saghas, isteach ann le blianta beaga anuas. Mar sin, is daoine as taobh amuigh den cheantar thart ar an leath de phobal an bhaile.

Is iadsan cnámh droma Ghaelscoil Chluainín ach ní shin le rá nach bhfuil suim ag bunadh an bhaile sa dúchas freisin.

Beart iontach suntasach ná gur taobh amuigh den tír a rugadh 20% de thuismitheoirí Gaelscoil Chluainín.

Is ó 2005 i leith, ach go háirithe, a tháinig an borradh faoin nGaeilge. B’shin bhliain ar aistrigh Rossa Ó Snodaigh isteach ar an bhaile.

Tógadh eisean le Gaeilge agus tá iomrá air mar cheoltóir leis an mbanna Kíla. 

“Ní raibh mé in ann goile an Tíogair Cheiltigh a shásamh,” ar seisean.

“Ag an am, bhí Tarach againn. Bhí sé dhá bhliain d’aois, bhíomar in árasán i mBaile Átha Cliath. Roghnaigh muid an áit seo thar aon áit eile mar go raibh cairde againn sa dúthaigh agus bhí rudaí thart anseo a raibh meas againn orthu – ionad ealaíne, ionad dealbhóireachta, Cumann Lúthchleas Gael, an tIonad Orgánach. In áit bheag, bhí a mhacasamhail de mheoin a bhí agamsa, nach dtiocfadhleat a chleachtadh sa chathair.”

Bhí ciorcal comhrá i gCluainín cheana féin nuair a tháinig Rossa ann. Leis na rudaí a tharla ó shin, admhaíonn sé nár shíl sé ag an am go mbeadh an meon ansin chomh cosúil lena mheoin féin agus atá.

Cuireadh Glór Chluainín ar bun agus chuir siadsan liosta lena chéile ar a bhfuil 300 duine le Gaeilge idir an baile agus an dúiche máguaird.

D’éirigh go maith le Seachtain na Gaeilge ar an mbaile i mbliana.

B’fhéidir gurb é an buaicphointe ná an ‘Soap and Soup’ in Ionad na nGleannta, an lárionad ealaíne ar an mbaile.

Mhair an sobaldráma seo ar feadh cúig lá, agus é á chur i láthair ag am lóin gach lá acu. Scriptscríbhneoir ó Ros na Rún a scríobh an dráma agus chuir Supervalu an t-anraith ar fáil, saor in aisce.

Ní le linn ócáidí Gaeilge amháin a labhraítear an teanga, áfach. Tá 32 teach san eastát mar a bhfuil Rossa agus tá Gaeilge in ocht gcinn acu.

Nuair a bhí an bheirt againn ag siúl amach as an eastát, bhuaileamar le bean a bhí ag péinteáil sconsa agus bhí comhrá breá Gaeilge ag an triúr againn.

Tá rún ag Rossa, a dúirt sé liom níos déanaí: “Ba mhaith liom a fheiceáil ar an mbaile seo gur féidir baile dátheangach a dhéanamh as.”

Tá rud beag de sin ann cheana féin.